|
Drochscéal i ndiaidh drochscéil. Sin
mar a bhí againn anseo i nGaoth Dobhair le tamall anuas - monarchain ag druidim, caint ar
theaghlaigh a bheith ag imeacht ón phobal. An é go bhfuil droch-bhlianta thús an chéid
seo a chuaigh thart ag pilleadh ar ais? Nár lige Dia é.
Cuimhnímis go raibh scamall éadochais os cionn Ghaoth Dobhair seasca
bliain ó shin. Bhí an áit á bánú agus an bochtanas forleathan sa chuid seo den
Ghaeltacht. Ach tharla athrú iontach.
An Chéad Réabhlóid
Iarracht a bhí ann ar dtús chun meanman na ndaoine a ardú tré caitheamh aimsire a chur
ar fáil, rud a ba chúis le bunú Aisteoirí Ghaoth Dobhair. Ach bheadh toradh níos
tábhachtaí ná sin ar a gcuid iarrachtaí. D'éirigh go maith leis na hAisteoirí, agus
chuir siad ainm Ghaoth Dobhair in airde ar fud na hÉireann agus na hAlban. Lean siad leis
na drámaí agus na geamaireachtaí, ach thuig cuid acu fosta go raibh gá le cearta an
phobail a bhaint amach, ag toiseacht leis an oideachas. De bharr a gcuid oibre, tá
áiseanna oideachais anois againn ón bhun go dtí an tríú leibhéal. Tugadh ansin faoi
ionad fostaíochta a bhunú ar an Screabán - mar gan fostaíocht a bheith san áit,
leanfadh an imirce ar aghaidh, agus i ndiaidh fheachtais láidir baineadh an cuspóir sin
amach i ndeireadh na seascaidí. bhí obair crua, íobairtí agus b'fhéidir deora i
gceist ach cé a déarfadh anois nárbh fhiú é?
Thoisigh daoine ag
teacht ar ais ó Albain. Tháinig athrú chun feabhais ar an an áit agus ar chaighdeán
an tsaoil. Bhí Gaoth Dobhair beo agus lán dóchais. B'iad féin fá deara an t-athrú.

|
|