|
Ní raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh
fás ró-mhór ar An Screabán, eastát tionsclaíochta Ghaoth Dobhair, ach an oiread.
Mhol sé go bhfaigheadh Gaeltachtaí eile taobh amuigh de Ghaoth Dobhair a gcuid
eastáit bheaga féin.
Chaith sé suas le 8 mí sa cheantar, ag oibriú leis na daoine. "Bhí
sé ar an tógra is mó i mo shaol. D'eagraigh muid suas le 60/70 cruinniú mór, agus
dhírigh mé ar chúig n-ábhar go príomhdha: An Talamh; Na Daoine agus a gCultúr; Slí
Maireachtála; Seirbhísí; agus an chuma a bhí ar an áit".
Fuair Tuarascáil Anson poiblíocht mhór sna nuachtáin áitiúla, agus sna
meáin Ghaeilge, nuair a foilsíodh é i 1982. Dúirt scríbhneoir amháin go raibh an
plean ina "blueprint for the whole of the west of Ireland". Ach tháinig
an tuarascáil amach ag an am contráilte. Bhí fiosrúcháin ar bun maidir le scanaill
airgeadais taobh istigh den Údarás, agus bhí daoine a mbriseadh as a bpostanna.
Rinneadh neamhiontas dena thuairisc.
Thug Brian Anson cuairt ar Ghaoth Dobhair anuraidh. "Mhothaigh mé
iontach brónach. Bhí an áit seo mar a bheadh an darna baile agam, ach ní raibh fonn
orm pilleadh. Mhothaigh mé brónach agus feargach. Bhí an chuma air nach raibh dul chun
cinn mór ar bith déanta".
"Má sheasann na daoine le chéile, éireoidh leo. Ach troideann siad
le chéile, agus titeann siad amach le chéile.
D'eagraigh muidinne comhairle pobail, i nGaoth Dobhair, saor ó
pholaiteoirí, sa doigh is nach mbeadh siad ábalta cuir isteach ar an dul chun cinn. Ach
thit sé as a chéile, agus níor tharla a dhath".
Tá an tUasal Anson ina chónaí sa Fhrainc anois, agus is beag seans a
bhíonn aige cuairt a thabhairt ar an cheantar. Ach níl sé éadochasach go huile is go
hiomlán faoin áit. "Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar ár dtuarascáil anois.
Níor scríobhadh é i dteanga na státseirbhíse. Scríobhadh é dona daoine. Deirim seo
go neamhbhalbh. Seo caipéis gur féidir a phiocadh suas anois, fiche bliain i ndiaidh dó
a bheith scríofa, agus úsáid a bhaint as. Iarraim ar Údarás na Gaeltachta an plean a
eisiúint, agus a sheoladh amach chuig na daoine. Ba chóir leagan giorraithe den phlean a
chur amach i nGaeilge láithreach".
Maidir le cúrsaí fostaíochta sa cheantar, deir sé go raibh foláireamh
tugtha aige don Udarás 34 bliain ó shin, fán chineál fostaíochta a bhí siad ag
cruthú. "Ná cuir do chuid uibheacha uilig sa bhascáid amháin a choíche"
adúirt sé leo. "Déan iarracht tionscail dúchasacha, agus tionscail faoi stiúir
daoine áitiúla a bhunú. Iarradh ormsa, Sasanach, teacht chuig an cheantar agus
staidéar a dhéaamh ar chultúr na háite. Chuir mé a dó agus a dó le cheile. An rud
ab fhearr fá mhuintir na Gaeltachta, ná, go raibh siad ildánach, iltalannach. Bhí
scileanna feirmeoireachta, iascaireachta, agus ceardaíochta, agus moll scileanna
dúchasacha eile acu. Ba chóir díriú ar na scileanna sin a usáid. Ach thóg an
tÚdarás monarchain chun leitheidí málaí plaisteacha a dhéanamh, agus níl rud ar
bith níos cinnte ná go maróidh tú saibhreas teangan na ndaoine le tógraí a
thugann orthu an fhoclaíocht dúchasach a fhágáil ar lár. Bhí an globalisation
ag tógáil ar shiúil an tsaibhreas agus an chultúr i saol na ndaoine ag an am, agus tá
go fóill".
Meastar gur shíl daoine san Údarás go raibh plean Anson ag dul ró-fhada,
ró-ghasta nuair a tháinig sé amach i dtús na nOchtóidi.
Anois, agus barúlacha úra a dhith go gasta chun An Ghaeltacht, agus
fostaíocht sa Ghaeltacht a shábháil, an éisteofar leis an Sasanach fadradharcach seo
nó an leanfaidh na hÚdaráis de bheith ag líonadh potholes?
©
www.craiceailte.com 2003
[Brúigh anseo do mholtaí Brian Anson]
|
|