|
Ní raibh Goldwater luaite ach chuir an
fógra seo imní ar an bpobal go bhféadfadh Armageddon núicléach a bheith mar thoradh
ar a sheasamh míleata.
Bhí dearcadh chomh diúltach ag an bpobal ar an bhfógra gur stopadh
é tar éis aon léiriú amháin. Fós féin, bhí an bua ag Johnson agus ba chuid de
stair chultúrtha Mheiriceá fógra na nóiníní ó shin i leith. (Tá an bunfhógra
Nóiníní le feiceáil ag: http://www.ammi.org/cgi-bin/video/years.cgi?1964,,,,D,, )
Bhí go leor daoine ag baint úsáid as Fógra na Nóiníní chun a
dteachtaireachtaí féin a chur in iúl, fiú roimh an bhfógraíocht atá ag tarlú faoi
láthair agus tá sé úsáidte ag an gcartúnaí polaitiúil Mark Fiore chun an cogadh
leis an Iaráic a nascadh le riachtanas ola na Stát Aontaithe. (Cartún le feiceáil ag:
http://www.markfiore.com/animation/campad.html
)
Filleann leagan nua MoveOn.org chuig íomhá an chailín óig agus í ag tarraingt piotal
ón nóinín. Léirítear radharcanna de ghníomhaíochtaí míleata sa Mhurascaill , agus
í ag cuntas, ag réabadh ó thoibreacha ola ag dó, chuig saighdiúirí gortaithe, chuig
saoránaigh ag dul ar mire agus sa deireadh chuig néal muisiriúin núicléiche. Léann
glór: Cogadh leis an Iaráic. B'fhéidir go mbeadh sé thart go luath. B'fhéidir nach
mbeadh. B'fhéidir go leathnódh sé amach. B'fhéidir go dtiocfadh antoiscigh i gcumhacht
ar thíortha le hairm núicléiche. (An fógra iomlán le feiceáil ag:
http://www.moveon.org/pressroom.html )
Bunaíodh MoveOn.org i San Francisco i 1998 chun tacaíocht a lorg in aghaidh mhileanú an
Uachtaráin Chlinton. D'eagraigh an grúpa achainí in aghaidh an chogaidh ar líne chomh
maith, agus chaitheadar níos mó ná $300,000 ar fhógraíocht nuachtáin frithchogaidh
an mhí seo caite. (achainí le feiceáil ag:
http://www.moveon.org/winwithoutwar/ )
Tá na
hagóidí ag leanúint ar aghaidh sa bhaile, fiú agus riacharán Bush ag láidriú a
seasamh míleata sa mhuirascaill, bhí na sluaite ag na hagóidí an deireadh seachtaine
seo caite i Washington D.C. agus cathracha eile ar fud na Stáit Aontaithe ach fós féin
ní raibh an méid sin ann agus a cheapfá. (féach na hagóidí ag: http://www.latimes.com/news/nationworld/world/la-fantiwar19jan19001523.story
)
Ainneoin phobalbhreith a léiríonn tacaíocht ghinearálta ach
coinníollach an phobail don chogadh leis an Iaráic, tá meascán mearaí daoine meallta
ag an ngluaiseacht frithchogaidh sna Stáit Aontaithe, ó Seanmháithreacha ar son
Síochána, a dháileann billeoga agus a bhíonn i mbun agóide i St. Paul, Minnesota;
agus Club Sierra, eagraíocht chomhshaoil; go dtí Comhairle Náisiúnta na nEaglaisí.
D'íoc grúpa gnó Poblachtach as fógra iomlán leathanaigh le déanaí sa Nuachtán
coiméadach Wall Street Journal ag tabhairt rabhadh don Uachtarán Bush "Tá an
domhan ag éirí nach mbeidh armlón ag Saddam Hussein. Caithfidh tusa bealach níos fearr
a aimsiú chun seo a chinntiú." (ó scéal ag:( http://story.news.yahoo.com/news?tmpl=story&u=/usatoday/20030117/ts_usatoday/4788919 )
Ní hiad díreach na daoine ar an tsráid atá ag iarraidh ar na
Stáit Aontaithe a bpleananna cogaidh a chur siar. Is iad an Fhrainc agus an Ghearmáin an
dá náisiún Eorpach is mó atá ag rá fanacht, agus iad ag iarraidh go mbeadh níos mó
ama ag na cigirí arm a gcuid oibre a chur i gcrích, agus tá an Rúis ag rá an rud
céanna agus an tSín ag lorg réiteach dioplóimaitiúil don ghéarchéim. Chuir NATO
siar cinneadh, an tseachtain seo, maidir le tacaíocht atá éilithe ag na Ståit
Aontaithe de bharr easaontas na Gearmáine agus na Fraince go mórmhór. (scéal iomlán
ag: : http://www.iht.com/articles/84323.html )
Tá
agóidithe frithchogaidh tar éis lá eile agóide a ghairm ar an 15 Feabhra. Ach seans go
mbeidh atmaisféar na hagóide seo ag brath ar thuairisc ó Chomhairle Slándála NA ar 27
Eanáir agus cruinniú idir George W. Bush agus Príomhaire na Breataine Tony Blair.
©
www.craiceailte.com 2003
|
|