Gaeil in aghaidh an Chogaidh
Tuairisc ón mórshiúl in éadan an chogaidh ag Aerfort na Sionainne le Dónal Mac
Fhearraigh
Tá Donal Mac Fhearraigh as Doire Chonaire, i dTír Chonaill, ina Eagraí ar an
ghluaiseacht fríth-chogaidh i
nDún Laoghaire. Tá ina bhall den pháirtí Sóisialach.
Ba é an rún is fearr a bhí ag an rialtas seo ná Arm-phort na Sionainne
.Tá na mílte saighdiúir agus airm ag taistil tríd an aerfort, ag briseadh na
ríallacha a bhaineann le neodracht na hÉireann.
Deagraigh an Gluaiseacht In Éadan an Chogaidh mórshiúl ar an 18ú Eanáir chun
aird a tharraingt air.
Dfhág muid Baile Átha Cliath ar 9.30 maidin Dé Sathairn. Bhí na céadta duine
ag fanacht ar bhusanna. Sa deireadh bhí orainn tuilleadh busanna a eagrú sa dóigh is go
mbeadh spás ann dachan nduine. Bhí muid ag dréim le scaifte de suas le míle
duine, ach nuair a shroich muid Baile na Sionainne chonaic muid go raibh suas le trí
mhíle duine í láthair. Sa deireadh tháinig sé bus as BÁC, triúir as Corcaigh agus
dhá cheann as Gaillimh. Bhí leictreachas san aer. Ní mion scaifte a bhí amuigh ar
mhaithe le coinsias sacu féin a ghlanadh a bhí anseo bhí muid ag cuir in
iúil mothúcháin agus inchinn mórálach na tíre. Tá an Rialtas sa mhionlach, ag
iarraidh fanacht mór le Bush.
Thosaigh an mórshiúl lán de ceol agus dathanna. Bhí mise ag siúl ar chúl and
bhuíonn ceoil samba, agus ní raibh mé abalta tús nó deireadh an mhórshiúil a
fheiceáil. Arís agus arís bhí muid ag scairtigh "1,2,3,4, We dont want your
bloody war" agus "George Bush we know you, your daddy was a killer too"
agus "No war on Iraq, No blood for oil, No US warplanes on our soil".
Ag an terminal chuala muid ó Theachtaí Dála agus lucht eagraithe an mórshiúil.
Dhreap cuid den scaifte suas ar díon príomh fhoirgneamh an aerfoirt agus chroch siad
brat le "US troops out of Shannon" air ón díon. Thug Cigirí Airm
iarracht an terminal a scrúdú, ach chuir na gardaí cosc orthu. Ansin rinne na Teachtaí
Dála a bhí i láthair iarracht fáil isteach ann, ach chuir na Gardaí cosc orthusan
fosta. Ag an am céanna thug duine inteacht faoi deara go raibh eitealan ón US Navy san
aerfort agus suas le céad póilín á chosaint.
Níl an chuma ar an scéal go bhfuil moran cosanta ar fáil do neodracht na hÉireann
anseo áfach.
Bhí an agóid tharr barr, agus thóg sé croíthe na ndaoine a bhí páirteach. Suas
le 3000 duine. D'amharc muid orainn fhéin agus na agóidí ar fud an Domhain ar an
teilifís an oíche sin. Ón Seapáin go dtí an Eoraip, go dtí na Stáit Aontaithe bhí
an Domhan in éadan an chogadh. Í Washington bhí suas le 500,000 duine páirteach san
agóid, agus ní seo fiú an príomh lá idirnáisiúnta atá eagraithe ag an ghluaiseacht
chun cosc a chuir ar an chogadh. Ar an 15ú Feabhra beidh an Domhan uilig ag siúl ar son
na síochána arís.
Is é seo an gluaiseacht síochána is mó dá raibh ann riamh. Bhí sé soiléir domsa
an lá sin gur féidir linn stad a chur leis an chogadh seo, tríd cumhacht s'againne, na
gnáth dhaoine. Déan cinnte go bhfuil tú i mBaile Átha Cliath nó Béal Feirste ar an
15ú Feabhra!
© www.craiceailte.com 2003
|