Gaolta Dhomhnach na Fola:
Fulaingt gan Faoiseamh


Agus Cuimhneachán Dhomhnach na Fola buailte linn arís an mhí seo, amharcann muid ar a bhfuil bainte amach ag Fiosrúchán Saville. Tá an t-iriseoir, Danny Brown, ag freastal ar fhiosruchán Dhomhnach na Fola ón uair gur thoisigh sé. Seo a bharúil pearsanta fána bhfuil tarlaithe go dtí seo. . . .

Agus mé i mo shuí sa bhaile i nDoire ag scríobh an ailt seo tráthnóna Dé Céadaoin 22 Eanáir 2003, tá Sir Edward Heath, a bhí ina phríomh-aire i rialtas na Breataine i 1972, ag tabhairt fianaise ag fiosrúchán Dhomhnach na Fola i Halla Westminster i Londain. Deich mbliana ó shin, cha dtiocfadh le duine ar bith samhailt go mbeadh siad ábalta a mhacasamhail a scríobh.
      Is léir, mar sin, go bhfuil céimeanna móra tábhachtacha chun tosaigh tógtha ag an fhiosrúchán ar lorg fhírinne imeachtaí Dhomhnach na Fola. D'éist muid le fianaise ó na h-oifigigh sinsearacha a bhí i gceannas ar Arm na Breataine ag an am agus, ar ball, cluinfidh muid ó na saighdiúirí a mharaigh ceathrar fear déag ar imeall cheantar Thaobh an Bhogaigh. Chuala muid caint ar chomhcheilg i ranna rialtais daoine neamhchiontacha a mharú ar shráideanna Dhoire le múineadh a chur ar náisiúnaithe agus le deireadh a chur le "Doire Saor".
Bíonn mionphoinntí conspóideacha i gcónaí ag an fhiosrúchán agus, ó am go h-am, bíonn muid uilig gaibhte ag na mionsonraí seo agus cailleann muid ár radharc ar an
scéal mhór agus, agamsa, is é cás na dteaghlach an scéal mór.
Le 31 bliain anuas, tá na teaghlaigh ag iarraidh cruthú gur dúnmharaíodh a gcuid fear ag saighdiúirí a bhí fostaithe ag rialtas na Breataine, a fuair a gcuid traenála ag rialtas na Breataine agus a ordaíodh isteach i gceantar Thaobh an Bhogaigh ag oifigigh an Airm a bhí i dteagmháil leis an leibhéal is airde de rialtas na Breataine.
      Nuair a fógraíodh go mbeadh fiosrúchán nua ann, chreid daoine go raibh deireadh le breithiúnas an Tiarna Widgery, a bhí i mbun an chéad fhiosrúcháin i 1972. Ach, chomh luath is a thosaigh fiosrúchán Saville, léiríodh dúinn nach mbeadh na fórsaí slándála a dtugtar "securocrats" orthu i mBéarla, chomh h-oscailte agus a ba chóir dóibh a bheith. Scriosadh na gunnaí a bhí in úsáid ag na paratrúipéirí ar Dhomhnach na Fola, níl teacht ar chuid mhaith de na grianghrafanna agus den scannánaíocht a rinneadh ar an lá agus bíonn na dlíodóirí atá ag gníomhú ar son na Ranna Cosanta ag an fhiosrúchán i gcónaí ag iarraidh séanadh gur tharla a dhath ar bith a bhí mídhleathach.
      Agus ní h-iad na "securocrats" amháin atá ag cur bac ar an fhiosrúchán. Chaill na teaghlaigh gach cás cúirte a d'éirigh as iompar an fhiosrúcháin. Sin an fáth go gcaithfidh siad taisteal  anonn go Londain gach seachtain. Sin an fáth nach mbeidh siad ábalta aghaidh na saighdiúirí a mharaigh a gcuid fear a fheiceáil nuair atá siad ag tabhairt fianaise sa tseastán. Tá an chuma air go bhfuil "an córas" ag druidim na ranganna le iad féin a chosaint.
      Tá roinnt daoine den bharúil go ndéarfaidh an fiosrúchán go raibh triúir ná ceathrar saighdiúir a chaill a smacht orthu féin agus a mharaigh daoine gan fáth. Beidh le feiceáil.
Tá rud amháin cinnte, áfach. Cosnóidh an fiosrúchán suas le £155 milliún agus beidh cuid de na dlíodóirí agus de na h-abhcóidí iontach saibhir dá thairbhe.
      Plus ça change, plus c'est la même chose.

© www.craiceailte.com 2003