BASCAIGH
NEAMHBHASCAITHE

Dhún Rialtas na Spáinne, an t-aon nuachtán Bascaise i dTír na mBascach, coicís ó shin. Gabhadh deichniúr den fhoireann, idir eagarthóir, bainisteoirí agus iriseoirí, agus rinneadh iad a chiapadh ag péas armtha. Rinne duine d'iar Eagarthóirí an nuachtáin, Peio Zubira, iarracht lámh a chur ina bhás féin, tar éis cúig lá i ngéibheann ag an Guardia Civil. Scaoileadh saor Eagarthóir an nuachtáin, Martxelo Otamendi, agus shéan sé líomhaintí na nÚdaráis.

Na Líomhaintí:
Deir Rialtas na Spáinne go leanann Egunkaria ordaithe ETA, atá ag troid le haghaidh neamhspleáchas do Thír na mBascach. Dar leis an Bhreitheamh Juan del Olmo, ón Bhinse Fiosraithe Náisiúnta i Maidrid go léiríonn cáipéisí rúnda de chuid ETA, atá ina seilbh, gurb iad ETA a rinne airgeadú ar EGUNKARIA ón chéad lá, trí bliana déag ó shin. Deir sé fosta gur leag ETA síos polasaí eagarthóireachta an nuachtáin, agus go raibh na h-iriseoirí a gabhadh luaite sna cáipéisí de chuid ETA, a tógadh ó bhaill den ghrúp armtha ar beireadh orthu idir 1990 agus 1993. Tháinig an t-airgead a infheistíodh in EGUNAKARIA ó fhuadach fir gnó, agus dúmhál ar lucht gnó, dar le del Olmo.

Martxelo Otamendi
Eagarthóir Egunkaria
(macasamhail Foinse/Lá i dTír na mBascach) ciaptha ag an Guardia Civil

      Deir Otamkendi go raibh ainm s'aigesan luaite i gcuid cáipéisí ETA, mar gur plé pháipéir a bhí iontu maidir leis an seasamh polaitiúil a bhí ag Iriseoirí éagsúla. D'fhoilsigh Otamendi eagarfhocal in EGUNKARIA, cúpla lá sula dearn na péas ruathar ar a gcuid oifigí, a rinne
caineadh ar ETA as ucht polaiteoir de chuid an Phairtí Sóisialach a mharú. Scríobh an t-iarEagarthóir, Peio Zubira altanna fosta a rinne ionsaí ar ETA, agus eite pholaitiúil s'acu BATASUNA.

Idir an dá linn, tá na mílte tagtha amach ar na sráideanna ag cáineadh an t-ionsaí seo ar an nuachtán agus ar theanga ársa na mBascach. Tá nuachtán úr foilsithe ag foireann EGUNKARIA - Egunero - agus tá tacaíocht geallta ag an rialtas Bascach dóibh.

Tá a fhios ag ETA, agus a gceannairí polaitiúla, dar ndóigh, nach ndéanfaidh an ghníomh mídhaonlathach seo de chuid na Spáinne, dochar ar bith dóibhsean. Léiríonn stair brónach na tíre sin, chomh maith le tír s'againne, go bhfásann tacaíocht na radacaithe gach uair go n-ionsaítear an phobal as a dtáinig siad. Tá ceacht ansin, chan amháin d'Aznar, ach do Bush is Blair, agus iad ag brú ar aghaidh chun cogaíochta in éadan pobal na hIaráice.


© www.craiceailte.com 2003

wpeE.jpg (1490 bytes)