|
Eagarfhocal
Cá seasann Rialtas na Poblachta seo
maidir leis an Iaráic.
Is doiligh a rá. Seans nach bhfuil
a fhios ag an Taoiseach é féin i ndiaidh an léirsiú mór sin i mBaile Átha Cliath.
Is cinnte gur bhain sé stad as. Tá
ráitisí ag teacht a bhéarfadh le tuiscint go ndéanfaidh an rialtas iarracht fanacht
amach ó pháirt gníomhach a imirt sa chogadh atá ag bagairt, muna na Náisiúin
Aontaithe a mbeannacht dó.
Ach ní leor é sin.
Bhí éileamh láidir ag an slua a
ghlac seilbh ar lár Bhaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra: nach bhfuil siad ag iarraidh go
mbeadh baint na páirt acu le cogadh Bush & Blair, fiú má éiríonn le Uncail S.A.M.
agus an Bhreatain na vótaí atá de dhíth orthu ar an Chomhairle Slándála a cheannach.
|
|