Foilseofar anseo Stair na
nGael ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann
CUID A HAON Bunús na nGael
r dtús bhí an focal ann agus an
duine, agus thug an duine focal mar ainm ar an spéir, ar an talamh, agus ar an uile ní.
D'éirigh an duine agus thug
sé a aghaidh soir ar éirí na gréine. Lena lámh dheas bhí an talamh ó dheas, ar a
dtug sé an deisceart; lena lámh chlé, nó an tuatal, bhí an talamh ó thuaidh, ar a
dtug sé an tuaisceart; agus taobh thiar de bhí an talamh thiar, ar a dtug sé an
t-iarthar. Is mar sin a bhaist sé na ceithre harda.
Mhair an duine ar an talamh
agus leath a mhuintir amach sna ceithre harda, ansin tháinig an Díle agus d'éirigh an
mhuir os cionn na talún. Ba bheag a tháinig slán. Duine acu sin ba ea Naois. Rinne
Naois bád dá chlann féin agus mhaireadar os cionn uisce. Duine eile a tháinig slán
ón Díle ba ea Finnéigeas. Chuaigh seisean i riocht bradáin faoin uisce gur thráigh an
Díle.
Tar éis na Díleann chuir
sliocht Naoise fúthu san Éigipt. Duine díbh sin ba ea Féinneas. Aige siúd amháin a
bhí teangacha na náisiún uile. Ba é mac a mhic, Gael Glas, a chum an teanga Ghaeilge.
Sin a bhíonn i gceist againn nuair a deir muid gurb í ár dteanga an teanga is sine ar
domhan, mar gur as an dá theanga is seachtó a bhí ann roimh aimsir na Díleann a cumadh
an Ghaeilge.
Thug Gael Glas leis a
mhuintir as an Éigipt soir go Tír na Sorchaí agus as sin ó thuaidh go Muir Chaisp.
Mhaireadar ansin ar feadh seacht mbliana sular thugadar a n-aghaidh siar arís thar an
Meánmhuir.
Sa Spáinn a chuireadar i
dtír. Breon an t-ainm a bhí ar rí na nGael an uair úd. Ghabhadar an Spáinn, agus
thóg Breon túr ard ann chun go bhfaighfeadh sé amharc ar chríocha an domhain.
Ón túr sin scrúdaigh sé
na tíortha mórthimpeall: an Afraic, an Iodáil, an Fhrainc, agus críocha an domhain
mhóir, agus d'ainmnigh sé iad uile. Ansin san oiche scrúdaigh sé na reanna neimhe: na
réalta agus na plainéid agus na coiméid, agus thug sé ainmneacha orthu siúd freisin.
Míl Easpáine a bhí ina rí
ar na Gaeil sa Spáinn an uair úd. Máirnéalach agus gaiscíoch a bhí ann. Sheol sé ar
fud na Meánmhara agus chuir sé mórán de chiníocha an domhain faoina chois. Saolaíodh
beirt mhac is tríocha dó a thuil cáil mar ghaiscígh cosúil lena n-athair. Clanna
Míle a tugadh orthu.
Maidin gheimhridh in airde i
dtúr Bhreoin, chonaic Íoth mac Bhreoin oileán siar amach san Aigéan. Chuir Íoth agus
a chuid deartháireacha chun farraige agus tháinig siad i dtír i Loch Feabhail in
Éirinn. Tuatha Dé Danann a bhí ina gcónaí sa tír an t-am sin. Mharaíodar Íoth go
fealltach agus thug a dheartháireacha a chorp abhaile leo.
Nuair a shroich
deartháireacha Íotha an Spáinn bhí Míl básaithe. D'insíodar a scéal do Chlanna
Míle agus thugadar tuairisc dóibh ar an oileán ina raibh siad, agus bheartaigh siad
féin agus Clanna Míle seoladh go hÉirinn.