|
Manchán ar seachrán
sa tSín
Manchán
Magan
Abair liom, cad a dhéanfá dá rachfá go tír iasachta, dhiamhaireach, a raibh beagnach
chomh fada ónar réaltacht is atá an ghealach, agus dá mba iad doicheall agus
caimiléireacht na príomh-thréithe a bhraith tú ann? Cad a dhéanfá? An dtiocfá
abhaile ag cáineadh agus ag caitheamh anuas ar an domhan, anaithnid, iargúlta seo? Nó
an ndéanfá iarracht féachaint trí na duáilcí go dtí an fhírinne taobh thiar
dóibh?
Chaith mé
féin agus mo dheartháir Ruán 3 mhí sa tSín ag scannánú clár faisnéise de TG4.
Bhuaileamar le daoine macánta, fáilteach, agus croíúil i ngach orlach den 7,000 km a
thaistilíomar - ó na Himiléithe go gaineamhlach an Gobi, agus ó Shanghaí go habhainn
draíochta an Yangtse. Ach i gcaitheamh na haimsire ar fad, cé go rabhamar saor dul ar
seachrán pé áit ar theastaigh uainn, bhíomar ag an am céanna faoi dhaoirse an
rialtais. Ón chéad nóiméad a shatlaíomar ar thalamh na Síne bhí cailleach, suarach
binibeach, ón rialtas, darb ainm Wang Yan, dár thionlacan. Bhí gráin aici orainn, agus
déistin aici dá comhthírigh uile. Cailín beag lotaithe ó Bheijing í, a bhí faoi
ordú súil géar a choimeád orainn. B'éigean dúinn a maslaí, a díspeagadh agus a
ciniciúileacht a dhalladh amach ionas go bhféadfaimis grástúlacht, flaithiúlacht agus
meon mór-chroíoch an chultúir timpeall orainn a fheiscint. I ndáiríre níorbh é a
droch-bhéasa ba mheasa, ach a saint. D'éiligh sí airgead uainn ó mhaidin go hoíche.
Thugamar gnáth-ioncam míosúil na Síne ($200) dí gach aon lá. Ach d'éiligh sí an
méid céanna arís i mbreabanna agus de thruflais eile. Ina theannta seo d'ordaigh sí
dúinn oifigigh áitiúla a fhostú ins gach baile beag dá rabhamar. D'íocamar a cuid
costais go léir freisin. Go minic bhí thart ar dosaen duine ag suí chun béile linn -
sinne ag íoc astu go léir. An t-aon jab a bhí acu ná diúltú dúinn. No, you can't
go there! No you can't film that!
Ach cinnte ba
mhór an onóir dúinn a bheith sa tSín. Ba sinne an chéad fhoireann ceamara riamh a
tugadh cead dóibh taisteal pé áit ar mhaith leo sa tír. Ní haon ionadh go raibh an
rialtas mí-shuaimhneach fúinn. Bhíodar ag cur a n-iontaoibh ionainn, ach ag an am
céanna theastaigh uathu laincis gairid a choimeád orainn ar eagla na heagla.
Ach fiú má chrá siad de ló is d'oíche
sin, agus má ghoideadar gach pingin uainn, ba chuma, toisc go bhfuaireamar oiread sin
ardú meanma agus deá-mhéine ó mhuintir na háite. Thuigeadar ár gcás. Tá a saol ar
fad caite acu ag fulaingt leatrom agus caimiléireacht an rialtais. Ach in ainneoin seo
ní cháineann siad a dtír. Tuigeann siad go bhfuil níos mó i gceist i saol s'acusan
ná córas lofa riaracháin. Agus ba ar na nithe seo a dhíríos mo aird. Meon na ndaoine,
a ndóchas sa todhchaí, agus a suim nua i bhféin-aithne, cruthaíocht pearsanta agus
saoirse anama. B'fhéidir gur olc an rud é nár chaith mé anuas ar sean-modhanna duairce
an rialtais. B'fhéidir go rabhas ró-dhóchasach, ach go dtí go gcuirfimid aithne ar
mhuintir na Síne conas is féidir linn caitheamh anuas ar a gcóras rialtais. Ní
dhéanfaidh mise é ar aon nós. Seol Hector ann im ionad . .
© www.craiceailte.com 2003 |
|