|
Ceoltóirí agus Réalta
in éadan an Chogaidh
Carolyn
Farrar
Tá albam frithchogaidh seolta, albam "a shainmhíníonn ceol agóide
as an nua" agus ag an am céanna a chuireann maoiniú ar fáil do ghrúpaí
síochána ar fud an domhain.
Beidh Public Enemy, Billy Bragg, Alabama 3, Roots Manuva, Chumbawamba, Coldcut, Massive
Attack, agusAni DiFranco, gan trácht ar dhaoine eile, ceoltóirí nach bhfuil chomh
cáiliúil san áireamh, le cloisteáil ar an albam "Peace Not War". ( http://www.abc.net.au/dig/stories/s760271.htm
) Beidh an t-airgead ón albam dúbailte 31 amhrán ag dul chuig grúpaí síochána
i dtíortha ina bhfuil an dlúthdhiosca ar díol.
Beirt cheoltóir Astrálach atá taobh thiar den togra. Chuaigh Kelly agus Mudge ón
ngrúpa Astrálach Change ag lorg ceoltóirí chun a bheith rannpháirteach sa
dlúthdhiosca i Meán Fómhair seo caite.
Sheas Alabama 3 go poiblí don tsíocháin ag a ngig i nGaillimh le déanaí.
Chas an grúpa leis an dream Craiceáilte roimh an tseó agus bhaineadar úsáid as
fógraí frith-chogaidh de chuid Craiceáilte ar an ardán sa Róisín
Dubh. Cuireadh grianghraif ón ngig ag taispeáint póstaeir fhrithchogaidh
Craiceáilte i gcló i bhFoinse freisin.
Tá go leor ceoltóirí ag seasamh go poiblí in aghaidh an chogaidh i gcoinne na
hIaráice. Shínigh Steve Earle, Bonnie Raitt, Yoko Ono fógra le déanaí sna
Stáit Aontaithe a chur an grúpa frithchogaidh mór le rá Not in Our Name sna nuachtáin
náisiúnta níos luaithe sa bhliain. D'easaontaigh an fógra leis an gcogadh
agus leis an gcaoi ar mian le Bush ionsaí coisceach a dhéanamh, an meath atá ag teacht
ar chearta daonna sna Stáit Aontaithe in ainm shlándáil náisiúnta agusimpirúlachas
na SA .
I measc na mílte daoine a shínigh an fógra bhí aisteoirí mar Susan Sarandon agus
Martin Sheen, agus an stiúrthóir Oliver Stone, cé go bhfuil imní de réir dealraimh ar
go leor daoine cáiliúla eile seasamh go poiblí faoi cheist chomh conspóideach
leis an gcogadh. ( http://www.guardian.co.uk/Print/0,3858,4577014,00.html
)
Shínigh ceoltóirí, Michael Stipe ó REM ina measc, litir oscailte chuig George W. Bush
ag impí air gan cogadh a thosnú in aghaidh na hIaráice. Shínigh aisteoirí mar
Laurence Fishburne, David Duchovny agusEthan Hawke, chomh maith le seanghníomhaithe de
chuid Hollywood mar Sarandon, Sheen, Alec Baldwin, Harry Belafonte, Tim Robbins,
agus Barbra Streisand an litir chéanna. Bhí iar-thoscaire S.A. chuig an Iaráic
rannpháirteach san agóid freisin. ( http://www.mtv.com/news/conflict_in_the_gulf/factfiles/no_invasion.jhtml
)
Is ceist eile í ar cheart go n-athródh agóidí le daoine cáiliúla d'intinn. Tá
go leor tuairimí le sonrú ar shuíomh idirlín de chuid MTV agus deir déagóir 19
amháin: "Cuireann a n-ionchur in iúl do Mheiriceánaigh go bhfuil rogha eile ann
seachas cogadh. Ní bhíonn an ceart i gcónaí ag an gcumhacht!" ach
easaontaíonn duine óg 20, "nach cuma go bhfuil an fear ó "M*A*S*H"
in aghaidh an chogaidh? Cé a cheapann na daoine seo atá iontu? Níl aon
iontas nach féidir leis na liobarálaigh sa tír seo, agus mothaím mar dhuine acu mé
féin, bunús inmharthana polaitiúil a bhunú. Cé a chreidfeadh ár gcuid
urlabhraithe?" agus deir duine eile 19 ó Carolina "Ní féidir liom cur
suas le daoine cáiliúla a bhaineann úsáid as a gcáilchun a gcuid tuairimí
polaitiúla a chur in iúl. Níl iontu ach gnáthdhaoine ag a bhfuil na milliúin
dollar. Cén fáth go mbeadh a dtuairim níos luachmhaire ná mo
cheann?
.agus an bhféadfadh aon duine rá le Martin Sheen nach bhfuil sé ina
uachtarán dáiríre." ( http://www.mtv.com/news/youtellus/topics/non_artist_topics/iraq/protests/021212.jhtml
)
Tá go leor ealaíontóirí ag baint úsáid as ealaín chun a nguth a chur in iúl ar fud
an domhain.
Bhí lá domhanda ag an Togra Lysistrata agus léigh siad ó dhráma cáiliúil
Aristophanes ar 3 Márta. Rinne aisteoirí agus daoine eile an dráma a leámh i 760
ionad sa 50 stát sna Stáit Aontaithe agus i níos mó ná 40 tír, Éirinn san áireamh.
( http://www.pecosdesign.com/lys/press.html
)
Cuireann na mná sa dráma grinn seo Lysistrata, iad féin faoi ghlas san Acropolis
san Athéin agus diúltaíonn siad caidreamh collaí a bheith acu lena gcuid fear go dtí
go stopann siad den chath Peloponnesiach. ( http://eserver.org/drama/aristophanes/lysistrata.txt
) Dúirt an t-aisteoir Nua Eabhrach, Kathryn Blume, "Tá muid ag iarraidh go
mbeidh sé soiléir nach labhrann an tUachtarán Bush ar son na Meiriceánach ar fad. Tá teachtaireacht shimplí againn: Má tá tú i
gcoinne an chogaidh seo, abair amach é!"
Beidh Lá Idirnáisiúnta Filíocht igCoinne an Chogaidh ar siúl ar 5 Márta ar fud
an domhain. ( http://www.poetsagainstthewar.org/
) Tháinig Filí i gCoinne an Chogaidh le chéile níos luaithe i mbliana nuair a
chuir Laura Bush imeacht filíochta ar ceal sa Teach Bán nuair a chuala sí go mbeadh
dán a bhí criticiúil maidir leis an gcogadh á léamh ag ceann de na filí ann. ( Http://www.poetsagainstthewar.org/whoweare.asp
) Dúirt an t-eagartheoir Sam Hamill, eagartheoir bunaithe agus comhbhunaitheoir de
Copper Canyon Press, "Tá mé ag impí ar na filí go léir labhairt amach ar
mhaithe le coinsias ár dtíre agus a n-ainmneacha a chur leis an achainí seo in aghaidh
an chogaidh. Seol isteach d'ainm agus dán nó ráiteas coinsiasa chuig suíomh
idirlín Filí i gCoinne an Chogaidh." Tá na mílte tar éis freagra a chur cheana
féin.
Tá compántais ag cur leagan ceoil de shaol Osama bin Laden ar siúl i sráidbhailte
iargúlta oirthuaisceart na hInde mar chineál tráchtas nuachta i bhfoirm
drámaíochta. Is drama traidisiúnta Bengali atá sa jatra. Is céimí
eolaíochta darbh ainm dó Raja Sarkar, scríbhneoir agus stiúrthóir an dráma
seo. Úsáideann Sarkar an dráma seo mar bhealach le cur i gcuimhne dá lucht
muintire faoi ionsaí na SA ar an Afganastán agus ar an gcaoi a chuireadar rialtas
an Aontais Thuaisceartaigh i réim cé go gcáineann sé bin Laden. Deir Sarkar, i
nuachtán amháin áfach, "ceapann roinnt daoine san Ind gur fáidh é bin Laden ach
tá muid ag iarraidh an seachmall seo a dhíbirt. Tá muidne an-soiléir nach
nglacann muid lena chuid smaointe agus leis an méid a rinne sé i Nua Eabhrac agus i
Washington."Dúirt Sarkar go bhfuil sé ar intinn aige scríobh faoin Iaráic anois.
( http://www.nzherald.co.nz/storydisplay.cfm?storyID=3197192&msg=emaillink
) |
|