|
Tar éis staidéar a dhéanamh ar
Innealtóireacht leictreonach in Ollscoil Uladh Baile Iordáin bronnadh Teastas Céim
Dearbhú Córas Innealtóireachta Leictreonach orm. Chríochnaigh mé an staidéar in
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, faoin staidéar ar Theicneolaíocht
Teileachumarsáide an Leathan-Bhanda i mí Aibreáin 1994 agus bronnadh an céim i
Máistreacht Innealtóireachta orm i mí Bealtaine 1996
Chuaigh mé i mo chónaí sa Bhreatain tar éis fostaíocht a fháil agus bhí mé
fostaithe i mbailte éagsúla - cathracha Winchester agus Southampton agus Reading. Bhí
an-áthas orm na postanna sna bailte seo a líonadh siocair go raibh tuarastal an-mhaith
le fáil. Thart faoin am seo thosaigh mé ag foghlaim faoi eachtraí eile a bhí ag titim
amach ar fud na cruinne, eachtraí nach raibh mé ró-eolach orthu go dtí gur thuig mé
go raibh nasc idir na h-eachtraí seo agus m'iompar agus gairm féin sa t-saol. Luigh an
eolas seo go trom ar mo choinsias ar feadh trí nó ceithre mhí go dtí go raibh orm
éirí as an phost le sláinte mó mheon a chosaint. Is prionsabal eiticiúil agus
mórálach a thug orm éirí as an post.
D'fhill mé ar Doire Chonaire i nDún na nGall i mí na Samhna 2001 le iarracht a
dhéanamh socrú síos agus fealsúnacht maireachtála a chuir i bhfeidhm maidir le saol
inmhairtheanna a fhorbairt. Níl ag éirí ró-mhaith liom go fóill ach tá dúshraith
leagtha agam mar go riabh me páirteach i mbunú MEAS, grúpa a théann i mbun
feachtais lenár ndramhaíl a laghdú, go h-áirithe thart ar ceantar Gort a
Choirce. Tá fadhb oll-mhór dramhaíola i mó chontae féin agus ar fud na hÉireann
chomh maith, fadhb a chaithfear a réiteach. Is féidir linn uilig a bheith gníomhach ar
scála bheag trí críonnacht a chleachtadh inár n-iompar pearsanta féin; mar shampla:
táirgí a cheannach le beagán clúdach orthu, táirgí déanta inár gcomharsanacht
féin a cheannach agus ar ndóighe brú a chuir ar na hÚdárais áirithe a bhfuil
dualgais orthu seirbhísí pobail a chuir ar fáil cuidiú a thabhairt an fhadhb a
réiteach.
Le cúpla bliain anuas táim ag déanamh staidéar ar an chóras airgeadais, gnó agus
eacnamaíochta agus caithfear a rá go bhfuil locht sa chóras a chúisíonn easpa dul
chun cinn inár bhfadhbanna dramhaíola a réiteach. Táim ag tabhairt faoin obair seo mar
bhall den ghrúpa FEASTA (Foundation for Economics And SustTainAbility) agus tá súil
agam an obair seo a fhoilsiú agus poiblíocht a dhéanamh air. Creidim go mór go féidir
leis an chine daonna an fhadhb seo a réiteach agus forbairt a dhéanamh le deis a
thabhairt d'achan duine ar chlár na cruinne saol, sona, foirfe, folláin a bhaint amach.
Is de bharr seo go bhfuilim i mó bhall de Chomhaontas Glas na hÉireann agus gníomhach
le grúpa Eco-Thithíochta in Iar-thuaisceart Dhún na nGall. Mar a deir na seanfhocail,
'Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin' agus 'tús maith leath na h-oibre', ach
tá neart oibre le déanamh go fóill agus bheirim buíochas do Dhia go bhfuil neart
blianta fágtha ionam go fóill.
©
www.craiceailte.com 2003 |
|