Laoch Cheol na Cruinne gafa sa bhFrainc
Tá an ceoltóir
Papa Wemba ón Chongo i dtrioblóid leis na hÚdaráis sa Fhrainc. Ghabh siad é ar an
mhí seo caite, agus é curtha ina leith go raibh sé ag tabhairt imircigh isteach chun na
hEoraipe ar chostas de 3500 euro an duine.
Tá cliú agus cáil ar Papa Wemba , nó Jules Wembadio Pene Kikumba mar is fearr aithne
air sa bhaile, agus cuid mhór gradaim faighte aige as ucht a chuid ceoil. Meastar nach
mbeadh gá ar bith aige le airgead póca ó fhiontar den chineál seo, os rud é go
ndíoltar cuid mhór ceirníní dá chuid ar fud na cruinne, agus go mbíonn
ceolchoirmeacha ollmhóra aige í dtíortha éagsúla, óna Stáit Aontaithe go dtí an
tSeapáin.
Is cosúil go raibh na póilíní sa Bheilg agus sa Fhrainc ag coinneáil súil air le
cúpla bliain anuas mar go raibh cuid mhór dona ceoltóirí a d'earcaigh sé i bPoblacht
Dhaonlathach an Congo nach raibh tásc na tuairisc orthu tar éis dóibh teacht isteach
chun na hEoraipe. Deir na hÚdaráis sa Fhrainc go bhfuil suas le 300 duine a tháinig
isteach mar cheoltóirí ach nár phill ar Kinshasa.
Is laoch é Papa Wemba sa bhaile agus rinne a lucht tacaíochta ionsaí ar Ambasáid na
Beilge in Kinshasa, sa bhliain 2001, tráth go raibh póilíní na tíre sin dá
cheistiú.
Tá Wemba ina chónaí i measc an chosmhuintir agus pobal mór imircigh i mbruachbhaile de
chuid Páras na Fraince, agus scaoileadh amach ar bhannaí é, mar go raibh imní ar na
péas go mbeadh círéibeanna ann dá gcoinneofaí faoi ghlas é. Deir a lucht tacaíochta
gur duine é a sheasann leis na daoine bochta ina thír dúchais, agus pobal na
n-imirceach i bPáras na Fraince.
© www.craiceailte.com 2003