s
1
1
1
1
1
1
s

 

lun10

CABARET CRAICEÁILTE 2 BHLIAIN D’AOIS!

 

Seachtain sula dtéann siad chuig an Electric Picnic, beidh ceoltóirí agus síamsóirí An Chabaret Chraiceáilte, sa bhaile Tigh Hiúdaí, i nGaoth Dobhair De Sathairn seo (28 Lúnasa) leis an darna breithlá den Chabaret a cheiliúradh.

 

Beidh ceann dena grúpaí is fearr sa tír, an Henrietta Game (Rac/Pap) ag pilleadh ar an Chabaret i nGaoth Dobhair den tríú uair, agus beidh sean chairde eile den Chabaret, ina measc, an geabaire/rapper Bubba Shakespeare as Tiobrad Árainn.

 

Beidh geabaire eile as Corcaigh, GMC ar an ardán Tigh Hiúdaí De Sathairn seo fosta, chomh maith le fidléir óg cumasach as Manchainn Shasana, Emma Sweeny a bhéas ag tabhairt cuairt ar Ghaoth Dobhair den chéad uair.

 

Beidh an damhsóir sean nóis iomraiteach, Seosamh O Neachtain, as Conamara,  a bhfuil cláracha teilifíse déanta faoin stíl damhsa ata aige ag leiriú a chuid ceimeanna casta gasta ag cóisir breithlá an Chabaret fosta.

 

Táthar ag súil le cuid mhór aoi cheoltóirí eile ar an oíche fosta, ach is cinnte go mbeidh fáilte mhór roimh na haoíanna speisíalta, na Iconics, rac/pap ghrúpa as Gaoth Dobhair/Na Rosann. Tá dúil mhór ag éisteoirí Ráidió Na Gaeltachta, sna leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra cosúil le ‘free falling’ agus ‘sweet child of mine’ a chanann Emma Ní Fhíoruisce agus Cormac Ó Mordha óna Iconis.Tá an bheirt acu ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair, agus tá séisiún beo deanta acu ar an chlár ‘Rónán Beo’ ar RnaG.

 

Tógra iomlan deonach atá sa Chabaret Craiceáilte, a cuireadh ar bun,  i mí Lúnasa 2008, chun ardán a chur ar fáil do cheoltóirí as an cheantar agus as áiteacha eile ar fud na tíre, a bhionn ag ceol i nGaeilge. Cuireadh An Chabaret ar bun, fosta, chun saol sóisíalta agus síamsaíochta, tré Ghaeilge,  a chur ar fail sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht, chomh maith le tionscal ceoil na Gaeilge a spreagadh agus a laidriú.

 

Bhi an Chabaret ar siúl mar chuid do Fhéilte éagsúla cosúil le Electric Picnic i gContae Laoise, Fleadh Feirste i nGaeltacht Bhéal Feirste, Féile na Féil Padraig i mBaile Átha Cliath, Féile Oriel i Muineachán, Pléaraca Chonamara agus Feile na mBoscaí ar Oileán Thoraigh, chomh maith le Amharclann an Ghríanáin i Leitir Ceanainn.

 

Leanann an Chabaret traidisiún An Chiorcail Chraiceáilte a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1993, agus a d’eagraigh imeachtaí ceoil/síamsaíochta agus féilte tre Ghaeilge i Rath Cairn, Condae na Mí, An Spidéal, Conamara, Oileán Thoraigh, Gaoth Dobhair agus Béal Feirste, ón lá sin go dtí’n lá inniú.

 

Beidh an Chabaret Craiceáilte ag tabhairt cuairt ar an Electric Picnic den tríu bliain as a chéile ar an tseachtain seo chugainn, agus beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Cíarán Ó Maonaigh, Doiminic Mac Giolla Bhrighde, Líam Mac Giolla Bhrighde, Niall Hackett, Henrietta Game, Bubba Shakespeare, MC Muipéid, agus go leor ceoltóirí ar an ardan Chraiceáilte, sa Phuball Gaelach, sa pháirc ‘Comedy & Spoken Word’ , De Sathairn 4u agus De Domhnaigh 5u Mean Fomhair idir 6-8pm. Tabhair cuairt ar na Gaeil Chraiceáilte ag an Picnic.

 

  Beidh Cabaret Craiceáilte Mhí Lúnasa ar siúl Tigh Hiúdáí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair, De Sathairn seo, 28 Lúnasa, 10pm.Síntiús €5.