![]() |
![]() |
CABARET CRAICEAILTE TIGH HIUDAI, AN BUN BEAG, GAOTH DOBHAIR, DE SATHAIRN SEO 26 MARTA 9.30PM:
Johnny Og Connolly (Sar Bhoscadoir as Conamara)
Bubba Shakespeare – Geabaire/Rapper as Tiobraid Arainn
Majella & Lisa Nic Phaidin (Amhranaithe ar doigh as Cnoc Fola)
An Damhsoir Sean Nois Maire Aine Ni Iarnain;
Seaghan Mac an tSionnaigh-An Dord Dubailte & Doiminic Mac Giolla Bhrighde le togra ur ceoil s’acu;
Caoimhe Ni Chathail – Amhranai as Beal Feirste & ceoltoiri eile le fogairt.
DE SATHAIRN SEO TIGH HIUDAI, AN BUN BEAG, GAOTH DOBHAIR, 9.30pm/€5
Ta scaifte ag teacht as Beal Feirste, Doire agus Ard Mhacha.
Tá an Chabaret Craiceáilte go mór faoi chomaoin ag muintir na háite a thugann tacaíocht ríalta den tógra deonach seo, go hairithe Teach Sheain Oig, Teach Hiudai, Teach Chambell, Siopa Mhatt, Siopa Ui Ghallchoir, Ealain na Gaeltachta, Busanna Feda agus John Mc Ginley.
http://insideireland.ie/2011/03/24/cabaret-craiceailte-ag-filleadh-ar-ghaoth-dobhair-13065/
D’Eirigh go maith leis an Chabaret Craiceailte a bhi ar siúl i mBaile Átha Claith De hAoine, 18 Marta, mar chuid do Fhéile Phádraig ansin.Bhain an scaifte a bhi i láthair, san Odeon, Sráid Fhearchair, sult mhór as cuid ceoil Bhréag, Dirty Nines, Mc Muipéid, Jimmy the Hideous Penguin, Bubba Shakespeare, na hIconics, agus aoí cheoltóirí eile. Beidh cúpla Camchuairt craiceáilte eile , go háiteacha éagsúla ar fud na tíre á bhfogairt gan mhoill, ach is sa bhaile, i nGaoth Dobhair a bhéas an Chabaret De Sathairn seo.
Beidh an sár bhoscadóir as Conamara, Johnny Óg Connolly, ata go direach tar eis an cheirnínúr, ‘Aisling Yoshua’ a chur amach ar an mhargadh , i measc na gceoltóirí ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo, De Sathairn 26 Márta, Tigh Hiúdaí, Gaoth Dobhair.
Beidh an damhsóir sean nóis iomraiteach, Maire Áine Ní Íarnáin, as conamara,Geabaire/Rapper thiobraid Arainn, Bubba Shakespeare, agus sár amhránaí Bhéal Feirste, Caioimhe Ní Chathail, agus aoí cheoltóirí eile, ag taisteal go Gaoth Dobhair don Chabaret fosta.
Chomh maith le sin, beidh an tAmhránaí sean nóis, Doimnic Mac Giolla Bhrighde, ag nochtadh na hamhráin úra atá sé ag taifeadadh do cheirnín úr, i gcomhar le seinnteoir anOlldoird/Dord Dubailte, Seaghan Mac an tSionnaigh, as Cill Chainnigh. Bhuail an bheirt acu le chéile ag an Chabaret anuraidh, nuair a bhi Seaghan agus a bhanna na Hussars ag seinm don scaifte Chraiceáilte.
Beidh meascán mearaí de cheol nua aimseartha agus sean aimseartha tré Ghaeilge ag Cabaret na míosa seo.
Dúirt Eagraí an Chabaret, Rónán Mac Aodha Bhuí, go bhfuil sé fíor bhuíoch dona ceoltóirí uilig a bhionn páirteach sa Chabaret, chomh maith leis an lucht gnó aítiúil a thugann tacaíocht doibh.
“Eagraítear an Chabaret, ar bhonn deonach, agus ní fhéadfáí é a choinneáil beo, gan an chuidiú a thugann leitheidí Ealaín na Gaeltachta, Gnó deartha Chaomháin Uí Scolaí, Teach Hiúdaí beag, Teach Sheáin Óig, Ollmhargadh Uí Ghallchóir, Teach Chambell, Siopa Mhatt (Máitiú Ó Cnaimhsí), Bhusanna Mhic Ginley agus Feda agus Goitse. Tá cuid mhór cuairteoirí ag teacht go Gaoth Dobhair don Chabaret achan mhí, agus ba mhaith liom fáilte ar leith a chur roimhe na cuairteoirí as Cumann Chluain Ard, Béal Feirste, Gaeil Dhoire agus Ard Mhacha atá ag tabhairt cuairt orainn De Sathairn seo. Is ar mhaithe le saol sóisialta lan Ghaelach a chrúthú, chomh maith le tionscal ceoil nua aimseartha agus sean aimseartha tré Ghaeilge a spreagadh agus a chothú, a bunaíodh An Chiorcal Craiceáilte sa bhliain 1993, agus tá lúchair orm, go bhfuil ag eirigh linn na haidhmeanna sin a chur i gcrích, go deonach, agus ar bheagan achmhainní. Tá sé seo ag tarlú mar go bhfuil daoine sásta cuidiú a thabhairt ar bhonn ríalta, agus tá Réabhlóid An Cheoil (RAC) go mór faoi chomaoin acu” adúirt Rónán Ramhar.
Sna míonna amach romhainn, beidh Dáithí Ó Dronnaigh, Dirty Nines, Na Casaidigh, PJ Sonai Cholm Learaí, Beairtle Ó Domhnaill, Henrietta Game, Séamus Ó Beaglaíoch, agus laochra eile an cheoil, ag teacht chuig an Chabaret i nGaoth Dobhair.
Bígí páirteach sa chraic, De Sathairn seo, 16 Márta, 9.30pm, áit a mbeidh 4 uair a chloig de cheol beo ar fáil ar an luach céanna a bhi ann ón chéad lá, sé sin €5. Níl sladmhargadh síamsaíochta níos fearr le fáil in áit ar bith sa tír!.. |