1
1
1
1
1
1

Giota Lch_b.jpg (91836 bytes)


 

AR BHFUAIR TÚ DO GHIOTA?

Erectus na nGael

Ina Sheasamh go dílis le do theanga féin.

wpe27.jpg (7392 bytes)

 

Á! Fuair tú do GHIOTA sa deireadh.

Tá súil agam go bpillfidh sibh orainn anseo go rialta chun na scéalta is te bruite a léamh. Cuirfidh muid ar an eolas sibh faoina bhfuil ag titim amach sa saol. Coinníonn ár gcomhfhreagraithe spásáilte súil ghéar ar shaol phríobháideach achan nduine, seachas iad féin. Táimid gan ucht, gan anam, gan náire, ach lán graostacht agus gáire. Tá an tromluí is measa a bhí agat riamh curtha i ngníomh. Cuir na páistí faoi ghlas, agus foscail an cófra. Tá GIOTA ag teacht isteach!

 

Clár an Erectuis

Dé hAoine 1/11/02

Tírgirls agus Teanga

Léacht an Erectuis le Hugh Hefner - An Dá-Theangachas sa Leaba: Cá bhfuil ár dtriall?

Club Erotica na Féile in Óstán Adharc in Airde, ar an Bhum Beag. Ceol, amhránaíocht agus rince barr glúine ar an Sean-Nós.

 

Dé Sathairn 2/11/2002

Corn Uí Reefer don Luibh is Airde (plandaí nuafhásta)

Beidh dianiomaíocht anseo arís i mbliana idir Natty Joe Shéamuis as Conamara agus Maidhc Dúidín Ó Sé.

Moltóirí: Marcas Garvey Mac Conghail agus Howard Marks.

 

Seoladh Leabhair

wpe4.jpg (4018 bytes)wpe5.jpg (4012 bytes)wpe4.jpg (4018 bytes)wpe5.jpg (4012 bytes)

Idir Feoil agus Craiceann le hEoghan Mac Giolla Bhríde. Aistriúchán de Fiesta of the Flesh le Xiaver Hollander (údar The Happy Hooker agus scéalta eile) in Óstán Gee Daor.

 

Lúibíní na Luascóirí

Comórtais ardáin do lánúineacha leathanaigeantacha.Ní féidir le níos mó ná beirt a bheith ar an ardán ag an aon am amháin. Agallamh Beirte atá anseo, agus chan Scoraíocht.Tabhair leat d’uirlis féin.

 

Scléip na nOld Fogies

Tarraing amach an zimmer frame sin agus bain sult as oíche ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí Erectus na bliana 1936. Yeah, an cuimhin leat? Tar i leith, a bhuachaill, agus tabhair chun cuimhne arís na seanlaethanta nuair nach raibh aon ghá leis an bhia-grá.

 

Dé Domhnaigh 3/11/02

wpe26.jpg (5376 bytes)

Scaoilfear daoine a labhair nios mó ná ceithre abairt Béarla i rith na bliana. Scaoilfear sa chloigean iad ag ócáid taitneamhach don teaghlach uilig amuigh faoin aer, ag Páirc Peile CLG Ghaoth Dobhair. Canfaidh seanfhear as Conamara amhrán sean nóis 300 véarsa ar fhad le linn an tsearmanais.

 

Léacht deireanach an Erectuis

RAIDIÓ BEO BOCHT: ‘30 bliain ar an bhfód, Faoina fóide gan mhoill’.

"Nuair a bhunaigh muid Saor Raidió Chonamara, ní raibh muid ag súil go mbeadh muid fágtha le Raidió Saor Chonamara. . . ." adeir Ceannaire RBB, Big Bad Tom, agus é ag cur clabhsúr le himeachtaí na feise craicinn is mó ar Domhan.

RBB Ina Shuí . . . Ar fud na Tíre . . . www.rbb.ie


 

 

NICK NOLTE AR GHB!

wpe2.jpg (9451 bytes)Cúisíodh an

t-aisteoir mór le rá Nick Nolte ar na maillaibh de thairbhe go raibh sé ag tiomáint a ghluaisteán agus é faoi thioncar an druga GHB, druga a bhfuil aithne níos fearr air mar an "Date Rape Drug".

 

Stad agus cheistigh cuid póiliní an LAPD é nuair a chonaic siad a ghluaisteán ag luascadh ó thaobh go taobh an bhealaigh mhór. Seo an dara huair ar beireadh ar Nolte, - a bhí pairteach sna scannáin "Cape Fear" agus "Down and out in Beverly Hills" - as a bheith ar mire ólta / faoi thioncar drugaí ag stiúir a ghluaisteán. Ach sé’n cheist a bhí mé ag cuir orm féin, "Cén fáth ar ghlac sé an date rape drug"? Shíl mise gur gasúraí crosta a chaith na piollaí seo isteach i gcuid Diamond Whites na gcailiní agus deich mbomaite i ndiaidh sin d’iompar siad as an chlub oíche iad le, bhuel, níl a fhios agam???? (Cuirigí an t-eolas chugam scriofa ar chúl tenner.) An é go raibh rudaí chomh h-olc do an tUasal Nolte gurbh éigin do na cnaipí seo a chaitheamh isteach ina dheoch féin ag súil go ndéanfadh duine éigin ionsaí gnéis air? Is cósúil nár éirigh lena phlean mar sin.

Ach má chuirtear ‘na phriosúin é ní bheidh fadhb ar bith aige giota a fháil agus é ag roinnt cillín le Bubba mór dubh. Is cinnte go bhfuil Nolte "Down and Out" agus is fiú dó a bheith eaglach nó b’fhéidir nach mbeadh sé i bhfad go mbeidh sé "going down" sa chillín thuasluaite!.

 

 


TREOIR CRAICEÁILTE.com

d’Oireachtas na nGael i nGaoth Dobhair

learscaildubh.jpg (95343 bytes)

Oireachtas na nGael i nGaoth Dobhair

Tháinig an tOireachtas go Gaoth Dobhair don chéad uair i 1977, agus dúradh faoi go raibh sé ar an Oireachtas is fearr a bhí ann riamh.

Bhí an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn plódaithe le daoine ar feadh deich lá agus iad ag freastal ar chomórtaisí agus coirmeacha ceoil. Cuireadh na céadta ó dhoras mar go raibh Amharclann Ghaoth Dobhair lán go béal do choirmceoil an ghrúpa Clannad, coirmceoil nach ndéanfaidh duine ar bith a bhí i láthair dearmad air go deo. Bhí Clannad ag barr a maitheasa, agus pobal na háite bródúil as a gcuid éachtaí ceoil.

Bhí Oireachtaisí eile anseo i 1980, 1984 agus 1996.

Anois, tá ábhar misnigh agus bróid againn arís le linn don Oireachtas a bheith ag teacht anseo don cúigiú babhta.

Tá Ollscoil lánGhaeilge le bunú anseo, agus tá spiorad na réabhlóide á athmhúscailt i measc cuid den phobal. Cúis bróid dúinne go bhfuil duine dár scríbhneoirí féin, Eoghan Mac Giolla Bhríde ón Charraig i nGaoth Dobhair ag seoladh a chéad leabhar ‘Idir Feoil agus Craiceann’ in Óstán Ghaoth Dobhair Dé Sathairn seo, agus go bhfuil scríbhneoiri óga eile as an cheantar ag teacht chun tosaigh fosta. Bhain Eoghan ceithre dhuais liteartha i gcomórtaisí na bliana seo. Foilseofar ábhar le scríbhneoirí, ealaíontóirí agus ceoltóirí Gaelacha eile ar an suíomh seo gan mhoill.

Cuireann Craiceáilte.com fáilte mhór romhaibh chuig Príomhchathair úr an náisiúin Ghaelaigh, Gaoth Dobhair.

Bainigí sult as an Oireachtas.

 

AG TEACHT ANSEO:

Tá na bóithre maith go leor go dtí go dtagann tú chomh fada le Contae Dhún na nGall. Tá tú sa tríú Domhan i dtaca le caighdeán na mbóithre nuair a fhágann tú Baile Dhún na nGall, nó Leitir Ceanainn. Tiomáin go cúramach ina dhiaidh sin, go speisialta má tá tú ag taisteal as Leitir Ceanainn ar bhóthar Cúl na hEaragaile. Tá obair dheisiúcháin á dhéanamh air san am i láthair, agus caithfidh tú tiomaint go mall. Gheobhaidh tú féin agus do charr croitheadh maith ar an bhealach seo, agus beidh deoch tuillte go maith agat nuair a landeálfaidh tú Tigh Hiúdaí Beag, ar an Bhun Beag. Tá an bealach is casta in Éirinn ar an bhóthar as Baile Dhún na nGall, fríd na Gleanntaí, Droichead Ghaoth Barra, An Clochán Liath go Gaoth Dobhair. Ná déan dearmad gur fiú an saothar seo uilig, mar go mbeidh Oireachtas ar dóigh ag na Conallaigh.

Tá léarscáil foilsithe againn anseo, a chuideos libh bhur mbealach a dhéanamh thart ar na hionaid éagsúla le linn na féile.

Cá bhfuil an chraic ag tarlú?

Dé Céadaoin: 30/10/02

Óstán Dhoire Beaga (Teach Mhicí): Oíche Cheoil.

Ní chluinfidh tú morán Béarla sa teach seo. Fíormhuintir na Gaeltachta a ólann anseo, agus cuirfidh fear an tí Willie Mhicí, agus a bhean céile Caitlín fáilte mhór chroíúil romhaibh uilig.

Beidh craic ar dóigh agat anseo, agus b’fhéidir go mbeadh an t-ádh ort castáil le iníonacha doighiúla Bhean an Tí. Agus níl caill ar na mic!.

Déardaoin 31/10/02

Sean Nós d’iomaitheoirí faoi 35 in Óstán Ghaoth Dobhair agus Club na Féile ina dhiaidh sin. Tosnaíonn an Club, thart ar a 10 i.n. agus rachaidh sé ar aghaidh mall go leor. Níl cáil na Gaeilge ar an áit seo, ach tá ionad breá compórdach ann, a chuirfeas na hUaisle ar a suaimhneas. Ní bheidh an scaifte uilig anseo go fóill, ach is cinnte go mbeidh go leor ann le tréan spóirt agus scléipe a chuir ar bun.

Níl rogha club ar bith eile ann anocht.

Dé hAoine 1/11/02

Beidh an scaifte mór ag teacht inniu as achan charn den tír, agus beidh buzz ceart na féile le mothú sa cheantar.

Comórtaisí ardáin agus seoladh leabhair agus cláir teilifíse i rith an lae in ionaid éagsúla. Thiocfadh leat a bheith ar meisce gan do lámh a chur i do phóca, ach freastal ar achan ócáid. Bíonn deoch nó dhó gan a dhath ag choirbhe achan seoladh srl.

Beidh rogha agaibh anocht mar go bhfuil Club na Féile ann faoi dhó: Óstán Ghaoth Dobhair agus Óstán Radharc an Earagail ag tosnú ag a 10p.m.

Bhíodh Óstán Radharc an Earagail (Teach Joe) lárnach san Oireachtas le blianta, agus beidh cuid mhór dena seanfhondúirí ag tarraingt ar an teach seo. Seans maith go mbeidh fíor spiorad an Oireachtais le mothú anseo.

Deirtear linn go bhfuil grúpa ceoil as Albain ag seinm Tigh Sheáin Óig agus go bhfuil siad ag canadh amhráin Gaidhlige. Seo an teach leanna is mo a mheallann aos óg Ghaoth Dobhair, agus seo an áit le bheith más ag cuartú fir agus mná óga dóighiúla atá tú. Tá an teach lán daofa! Agus beidh siad uilig ag tarraingt ar Chlub na nImleacán, an bellybutton club, nó an Millenium sa Seaview ina dhiaidh sin. Dioscó ata anseo, agus bíonn an chuid is mó den scaifte sna déaga deireannacha nó sna luathfhichidí.Tá a nDioscó féin ag Scléip na hÓige anocht, agus beidh imleacáin deasa le feiceáil ansin fosta. Ach imleacáin níos óige a bheas iontu.

Dé Sathairn 2/11/02

TRÍ CHLUB ANN ANOCHT

Óstán Loch Altan, Gort a’ Choirce: Tá Corn Uí Riada ar siúl san ionad seo agus beidh an áit pacáilte. Is cinnte go mbeidh cuid mhór craic anseo, ach beidh deis agaibh bus a fháil chomh fada leis na clubanna eile a bheas ar siúl in Óstán Radharc an Eargail agus Óstán Ghaoth Dobhair. Beidh an scaifte scaipthe idir na tithe éagsula anocht, mar sin déan socraithe le do chairde roimh réidh.

Beidh seisiún ceoil ar siúl inniu Tigh Hiúdaí Beag.

Dé Domhnaigh 3/11/02

Beidh daoine ag fágáil slán ag a chéile ag Óstán Radharc an Eargail.

Ach tá DJ Dexter as na hAvalanches ag casadh ceirníní anocht i nDoire, agus níl ach uair go leith d’aistear gluaisteáin ann as Gaoth Dobhair. Cóisir eile?.

 

BIALAINN

Molann muid An Chistineach ar an Bhun Beag le haghaidh ceapairí blasta agus béilte éadroma i rith an lae.

Tá bialann maith ag Óstán Ghaoth Dobhair, má tá cúpla punta fána pócaí. Ach muna bhfuil buaireamh airgid ort is fiú triall a bhaint as, agus as Teach Danny Minnie in Anagaire. Is féidir pizzanna deasa, fíon agus dea chuideachta a fháil Tigh Mhaggie Dan i nGort a’ Choirce. Tá bialann úr, Khorys ar an Luinnigh agus déanann siad béilte deasa ar luach réasúnta.

Béilte ar fáil Tigh Jack, Radharc an Eargail (Teach Joe), Óstán na Cúirte agus an Seaview, agus tá cúpla chipper agus fiú Teach Síneach ar an bhaile.

 


ERECTUS TIPS

An bhfuil sibh ag teacht go dti an Erectus?

 Seo cúpla poinnte le sibh a choinneáil ‘bhealach a’ leasa.

5.

Má theann sibh go club oíche na mBellybuttons oíche hAoine, coinnigí cuimhne a ghasúraí go bhfuil na girseachaí go h-álainn, ach gur sin a bhfuil ionntú, girseachaí. Caidé an dóigh a bhfuil tú ag gabhail a inse dó mhamaí gur chaith tú an deireadh seachtaine i mbeairic na nGardaí ar an Bhun Bheag?.

4.

Má fheiceann / cluineann tú bean darbh ainm Máire Rua, rith, coinnigh ag rith, agus ná stad.

3.

Má bhionn tú i gclub na Bellybuttons oíche Shathairn coinnigh súil ghéar ar do phionta, nó tá faisean ag pionta iomlán imeacht ar shiúlóid agus a theacht arís agus é folamh.

2.

Ná tabhair Bodhrán nó uirlis ar bith eile go dtí an seisiún Tigh Hiúdaí Beag muna bhfuil deis a lámha agat air, buailfear bog-mharú ort má thabhaireann.

 1.

Ná bí ólta Tigh Hiúdaí Beag nó gheobhfar greim muineáil agus tón bríste ort agus caithfear amach san abhainn tú.

Cúpla poinnte le sibh a choinneáil ar bhealach a leasa nuair atá sibh i leas-phríomhchathair na Gaeltachta.


 

 

IS BREÁ LINNE IMLEACÁIN!....

imleacain.jpg (5062 bytes)

Feachtas um Chearta na n-Imleacáin [FUCNI]

Is eagraíocht náisiúnta 32 Contae é seo agus cumainn bunaithe ar fud na tíre Tá gach cumann freagrach dá choiste dúiche féin agus gach coiste dúiche freagrach d' Ard Chomhairle an Fheachtais.

Ar ndóigh, tá stair ársa ag imleacáin in Éirinn. Nuair a tháinig na Fir Bholg i dtír chuaigh na Tuatha Dé Danann I bhfolach faoin talamh toisc náire a bheith orthu as a gcuid imleacáin féin.

De thairbhe tionchar na heaglaise, tá náire ar dhaoine agus ar fhir go háirithe a n-imleacáin a thaispeáint go poiblí.

Creideann FUCNI gurb é an t-imleacán fíor chroílár an choirp, ach go dtugtar i bhfad níos mó airde do bhaill eile thuas agus thíos.

Tuigtear do FUCNI go bhfuil tábhacht ar leith go bhfuil gach imleacán in ann análú agus an t-aer a mhothú, díreach mar a dhéanann gach srón is béal ar fud an domhain. Is ábhar imní don eagraíocht go gcoinnítear tromlach na n-imleacáin i bhfolach.

Cinnte, is léir go bhfuil FUCNI cosúil le heagraíocht ar bith eile in Éirinn óir níor tugadh aitheantas ceart dó go dtí go raibh scoilt ann. Níorbh fhada, áfach, go raibh scoilt san fheachtas maidir leis na haidhmeanna a bhí os a chomhair. Tharla raic áirithe ar cheist na bhfáinní agus an cheist conspóideach fá iad a bheith sáite trí imleacáin. Bhí tuairim ag saineolaí dhream amháin agus é a' rá gur chuidigh na fáinní le híomhánna poiblí na n-imleacáin. B'é an méid a bhí le rá ag urlabhraí den taobh eile nó go raibh fáinní gránna agus nimhneach.

Bhí na moltaí seo a leanas glactha d'aon ghuth ag an Ard Fheis dheireanach i suíomh rúnda i rith an tsamhraidh (tá an rúndacht práinneach le haird cheart a thabhairt d'imleacáin i rith ghnó na hArd Fheise):

1. Gur chóir do gach duine in Éirinn a n-imleacáin a léiriú go poiblí chomh minic agus is féidir.

2. Comhghairdeas ag gabháil don fhear luaite sa Guinness Book of Records as dea-shampla a thabhairt do mhuintir na cruinne agus ábhair a chuid imleacáin a bhailiú thar tréimhse 27 bliain.

3. Moltar gur cheart do gach ball den eagraíocht ábhair a n-imleacáin a bhailiú go dtí go bhfaigheann siad báis agus an t-ábhar céanna a fhágáil dá muintir mar chuimhne, mar chomóradh agus mar cheiliúradh ar a mbeatha fiúntach.

4. Creideann FUCNI go bhfuil dualgas ar gach uile Gael dianstaidéar a dhéanamh ar a n-imleacáin uair a chloig gach uile lá. Beidh timirí na heagraíochta ag taisteal na tíre gan mhoill agus iad ag buaileadh leis an phobal i gcoitianta. Beidh na timirí seo ag déanamh a seacht ndícheall muintir na tíre a spreagadh páirt a ghlacadh san eagraíocht ónórach seo. Beidh siad i mbun léachtanna, ceardlanna agus seiminéir i ngach cearn den tír. Geallann siad nach ndéanfaidh siad dearmad fá cheantar, paróiste ar bith agus go mbeidh deis ag gach aon mhac mathar is iníon athar sóiscéal s'acusan a chloisteáil go luath. Gabhann FUCNI a bhuíochas do Fhoras na Gaeilge as fostaíocht na dtimirí a mhaoiniú go dtí deireadh na mílaoise seo.


nose.jpe (5677 bytes)     

An bhfuil tú ag imeacht sna féileaceáin?monarch_group_md_wht.gif (5748 bytes)

Tá tú ar shiúil go maith má tá tú . . . .

10. Ag déanadh go bhfaighigh tú tacsaí i mBÁC i ndiadh an Seacht a Chloig.

9. Ag rá "Beidh ceann amháin eile againn agus rachaidh muid na bhaile". (Go h-áirithe ólachán)

8. Ag éisteacht le dlúth-dhiosca Malachy Duffin.

7. Ag ceannacht cuid dlúth-dhioscaí Malachy Duffin.

6. Ag déanamh iarracht na hingne atá ar do chuid ladhaire a ithe.

5. Ag ithe na h-ingne atá ar na ladhar thuasluaite.

4. Ag comhrá leat féin.

3. Ag tabhairt freagra ar do chomhrá féin.

2. Ag cuartú gruaige ar bhos do láimhe.

1.  Gruaig ar bhos do láimhe.

Má tá ceann ar bith de na galair thuasluaite ort nó ar aon duine de do chuid cairde cuir scairt orm . . . láithreach!

             MacGroovy                                                                       

 


SEOL SCÉALTA GRINN, CRAICEÁILTE,CRAICINN AGUS PICTIÚRAÍ JPEG CHUGAINN AGUS CUIRFIDH MUID I GCLÓ IAD ANSEO.