1
1
1
1
1
1

 

 

 

 

 

 

Ugly na hÉireann i mbun oibre. Bheirfidh sibh faoí deara nach bhfuil balaclavaí ar bith á chaitheamh acu. "B'Shin an tairne deireannach í ngnó s'againne, adúirt urlabhraí de chuid Snáth Sealadach Teoranta inné.

 


 

 

wpe48.jpg (1503 bytes)

Bhal a chairde Gael, ar fud na cruinne, a labhrann Gaeilge, a scríobhann í, agus a ítheann í, agus a leitheidí eile.

Tá mé landeáilte.                 

Beidh mise anseo le cuidiú le achan nduine fá rud ar bith, beag nó mór, caol nó fada, leathan nó géar.

TARRAING D'ANALL , BÍ Í DO SHUÍ , LABHAIR GO BEAG AGUS FÁG Í INA LUÍ, AN tSEAN BHITEACH!.

Ar dtús caithfidh muid toiseacht lé fadhb na dífhostaíochta í mo cheantar féin anseo in Lag an Chlábair.Tá mise mé féin dífhostaithe le 25 bliain, siocair, nach raibh fonn orm obair a chuartú. Agus de bharr seo, tháinig mé thart ar dóigh leis an lá fada chur isteach, gan trácht ar an oíche.

Tósnaíonn mo lá sa, nuair a éirim as an leabaidh, thart fán a' dó a chlog. Faighim feedáilte thart  fán am seo. Bíonn béile chomh mór sin reidh ag an tsean lassie fá mo choinne, go bhfágann sé lag, leath chloíte mé. Pillim ar an leabaidh ar feadh uair a chloig , le siesta beag a ghlacadh. Ansin thart ar a ceathair a chlog, éirím amach as an leabaidh aríst, agus téim síos fá choinne an tae beag. Faoin am go bhfuil an tae beag thart, tig Richard agus Carole ar an bhosca le Countdown. Tá an clár seo íontach tábhachtach cionnas go bhfuil sé maith don inchinn.

Sin mo sháith d'aclaíocht intinne, agus caithfidh mé anois smaointiú ar an chuid eile de mo chorp. Seo liom anois, síos go dtí an tráighe, fá choinne siúlóid mór fada, ceathrú míle ar a laghad. Tá mallaí milltinneach ar an bhealach 'na bhaile, ach faighim síob achan lá le Willy an Ladhair Mhóir, cionnas go mbíonn sé thíos ag cruinniú smutáin achan lá lena charr agus a Donkey. Báisteadh Willy an Ladhair Mhóir air na blíanta fada ó shoin, agus de réir an tseanchais, chan an ladhar ata mór ar chorr ar bé ach a ghaosán.
Bíonn Football air achan tráthnóna Dé Máirt agus Déardaoin, agus cuireann sé sin isteach an oíche go deas ar na hoícheanta sin, ach an chuid eile den tseachtain,  indhiaidh an Tae Mór ag a sé, líonaim an folcadán le radox agus braon beag uisce te. Luíom síar ansin,  ag smaointiú ar an saol breá atá agam, agus ag súil nach dtiocfaidh deireadh leis a'choíche. Nuair a bhím nite agus glánta, agus cúr mealltach an radox breá tiubh san aer, bheirim aghaidh ar an teach leanna. Bíonn sé íontach socúlach, agus níl feidhm morán smaointiú á dhéanamh, siocair go mbíonn an chomhrá céanna ann, leis na daoine céanna, achan oíche, le fiche bliain anuas. Agus glac leis uaimse, go mbíonn se iontach suimiúl achan oíche.

Tuilleadh Fallsúnachta ar an bhealach....

Banner craiceailte.jpg (10802 bytes)