1
1
1
1
1
1

 

 


Ná h-abair seo le Garda má stadann siad tú ar an bhóthar:

  1. Cha dtig liom fáil fhad le mo cheadúnas tiomána muna gcoinníonn tú mo dheoch dom.
  2. Caithfidh sé go raibh tú ag tiomaint ag 125msu le coinneáil suas liom
  3. Bhí mé ag smaointiú ar a bheith i mo Gharda ach shochraigh mé fanacht ar an scoil agus an t-Ard-teist a chríochnú.
  4. Bhal nuair a chrom me síos le mo mhala Crack-cocaine a phiocadh ón urlár thit mo ghunna de mo ucht agus anuas ar choscán an luais agus sin an fáth a raibh mé ag briseadh an teora luais.
  5. Tá tú chun amharc sa chúl nach bhfuil!
  6. Bhí mé ag iarraidh coinneáil suas leis an chuid eile den trácht.

Tá an rabhadh faighte agaibh, cha dtig libh a'rá nach ndéanaim iarracht sibh a chuir ar bhealach bhur leasa!


 

Carpe Diem Mickey!

Is cosúil nach bhfuil morán ag dul ceart do Mickey Greene ar na laethanta seo. Deir an FBI go bhfuil sé ar dhuine dena mangairí drugaí is mó ar Domhan, agus is cosúil go bhfuil deireadh ag teacht leis an ádh dearg a bhi air ar feadh na blianta. Díbríodh amach as Éirinn é, dhíol an CAB a theach cónaithe i gCill Dara ar níos mó ná $900,000, agus anois tá na Gardaí den bharúil go dtáinig cuid den lucht siúil ar an stoc luachmhar éisc a bhí aige ina lochán beag ag bun chnoc an tí.

Chan scadáin scéithe ar bith a bhí ag Mickey fán lochán. Ní shea bhal, ach Japanese Carp, iasc a chosnaíonn tharr $1000 an ceann. Síleann na pící go raibh an lucht siúil fán cheantar agus gur sciob siad leo an t-iasc fá choinne a n-dinnéar agus nach raibh a fhios acu cé chomh luachmhar agus a bhí siad. Fágann sin go raibh an pláta sceallóga agus piosa éisc a ba daoire dár itheadh ariamh acu. Bhí lochán Mhickey lán de luach $20,000 den iasc seo. Agus níl oiread agus ceann amháin fágtha ann anois.

Ba gnáth leis an t-Uasal ‘Ac Grianna suí cois an tobair ag amharc isteach ar a chuid peataí ag snámh thart agus é ag smaointiú ar an chéad jab eile a bhí sé ag gabhail a dhéanamh. Tá sé faoi láthair ag coinneáil a chloigeann íseal fan Costa del Sol de thairbhe go bhfuil na Gardaí, an FBI, DEA, Oifigigh Custaim Shasana , Pící na Fraince, Na Beilge, na hÍsiltíre agus na Gearmáine uilig ag iarraidh greim muineáil a fháil air de thairbhe na cleasanna atá imrithe aige sna tíortha sin tharr na blianta. Ach má thagann Mickey Greene ‘na bhaile amach anseo, thuig leis a bheith cinnte go bhfuil an tobar a bhí ag cur thar maoil nuair a d’imigh sé.... go bhfuil sé tráighte go maith faoin am seo. Carpe Diem Mickey, Carpe Diem!

 


Fianna Fáil Clocháilte

Is cosúil go bhfuil brú fíochmhar ar aon duine atá mar bhall de pháirtí polaitiúil sa lá atá inniu ann. Ní dhéanfaidh gloine mór Brandy no nippy-sweetie beag de Gin agus Tonic gnoithe níos mó dona bodaigh móra seo atá ag amharc indhiaidh gnoithí Iascaireachta, Feirmeoireachta, agus Tionsclaíochta sa tír seo. Tá Rialtas na h-Éireann, lucht Fhianna Fáil go speisíalta, ag tógáil níos mó toit ná na monarcháin uilig ar fud na tíre a chuir siad deireadh leo. Ach ní ag caitheamh B&H, Carrolls nó fiú amháin Players Navy Cut atá siad ! Ach cuid woodbine na hAifrice Theas. Is beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chuala me gur cúisíodh agus Leas Chathaoirleach Chomhairle Baile, Bhéal Átha Seannaidh agus ball de Fhíanna Fail Pádraig Danagher.

Agus is cosúil nach é seo an chéad uair don tUasal Danagher a bheith gafa agus a chuid scamhóga lán toit mhí-dhleathacha. Tugadh chun na cúirte é i mí Feabhra seo chuaigh thart maidir lena leithéid. Trí mhí ina dhiaidh sin fuarthas greim air agus scamall toit eile thart air. Da réir na dtuairiscí tá an chuma air go bhfuil toitín Phádraig caite os rud é go bhfuil Fianna Fáil náirithe, agus iad ag iarraidh fáil réidh leis.

Ach má éiríonn rudaí ró throm don Uasal Danagher is féidir leis toit bheag a bheith aige!.


That’s all Right, huh huh

Is é an t-amhrán That’s all right le Elvis an t-amhrán is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ar fud an Domhain leis na blianta anuas, dar leis na saineolaithe a chuireann liostaí den chineál seo le chéile. Tháinig na Beatles sa dara h-áit leis an chlasaic(?) I wanna hold your hand. Tá sé breis is dhá bhliain ‘s fichead ó d’fhág Mark Chapman an mhór chuid d'inchinn John Lennon ar bhalla arasáin taobh amuigh de Central Park i Nua Eabhrac. Agus phós Paul McCartney, Heather Mills, le goirid, bean a bhfuil oiread bróga aicí dona cos clé agus nach bhfuil úsáid ar bith aicí fa’na gcoinne.

Ach cé a d’fhéadfadh dearmad a dhéanamh do rí an rac cheoil é féin, agus ar an doigh uasal ar fhág sé an saol seo. A chuid brístí ag a chuid muirneáin, a thóin mór ar an phota, an Bíobla ina lámh aige agus a chloigeann istigh idir a dhá chos! Anois sin fear a bhfuil stíl aige! Elvis ní bheidh dó leithid ann arís!.

------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Coirmceol mór na bliana! Bigi ann!

Is cosúil go bhfuil laoch an phap ceoil Crisp De Burger ar a bhealach ar ais leis A spaceman came travelling a cheol dúinn uair amháin eile. Deir ráflaí sna páipéir go bhfuil sé le haiséirí a dhéanamh a mbeadh Lazarus é féin bródúil as. Beidh sé ag seinm anseo roimh dheireadh na bliana. Bhí uair amháin ann agus bhféidir go bhfaigheadh an fear seo cúpla céad duine isteach i gcuibhreann ach tá eagla orm an iarraidh seo go mbeidh sé ag déanamh go maith má bhíonn sé abalta bosca faoiside a líonadh.


 

Na rudai a deirtear san oifig

  1. Nil a fhios agam caidé atá contráilte leat ach déarfainn go bhfuil sé doiligh do theanga a fháil thart air.
  2. Tchím gur ghlac tú an t-am speisíalta seo le tú féin a náiriú go poiblí.
  3. Tá sé iontach furast fáil ar aghaidh liomsa chomh luath agus a thuigeann daoine go gcaithfidh siad omós a thabhairt dom.
  4. Déanfaidh mise iarracht a bheith nios fusa fáil ar aghaidh leis má dhéanan tusa iarracht a bheith níos cliste.
  5. Tuigim do phoinnte , ach tá mé den bharúil go bhfuil tú lán các.
  6. Is maith liom tú. Cuireann tú mé féin i gcuimhne dom nuair a bhi mé óg agus bománta.
  7. Is post gan buíochas é seo, ach tá cuid mhór karma agam le réitigh a fháil do.
  8. Thoisigh mé agus gan a dhath agam………agus tá an mhór chuid de sin fághta agam go fóill.
  9. Círéib, raic agus mí ord - Tá mo chuid oibre anseo déanta.
  10. Seirbhís eile atá ar fáil anseo: SEANCHAINT!

 


Ceisteanna a bhfuil freagraí a dhith dóibh…………….ANOIS !

  1. An nglacann na h-oibrithe atá ag obair don chomhlacht Lyons tea sos caife ?Dá rachadh na comhlachtaí Fed Ex agus UPS i gceann a chéile, an é Fed UP a thabharfaidh orthu ?Más fíor an ráiteas "go bhfuil muid anseo le cuidiú le daoine eile, cá tuighe a bhfuil na daoine eile anseo ? An léann sean daoine an Bíobla níos minice ná an t-aos óg de thairbhe go bhfuil siad réidh leis an scrúdú a ghlacadh ?Cén dath gruaige a luaitear ar cheadúnas tiomána do dhuine atá go h-iomlán maol ?Cén fáth nach n-deireann aon duine "nil ann ach cluiche" nuair a bhíonn an bhua ag a bhfoireann ?
  2. Caide a deir cáis nuair atá pictiúr a ghlacadh de?

Freagraí ar chúl nóta fiche euro le bhur dtoil.